У нас вы можете посмотреть бесплатно Séamus Barra - TOGHCHÁIN (Dán as Gaelainn/Poem in Irish) или скачать в максимальном доступном качестве, видео которое было загружено на ютуб. Для загрузки выберите вариант из формы ниже:
Если кнопки скачивания не
загрузились
НАЖМИТЕ ЗДЕСЬ или обновите страницу
Если возникают проблемы со скачиванием видео, пожалуйста напишите в поддержку по адресу внизу
страницы.
Спасибо за использование сервиса ClipSaver.ru
Stiúrthóir: Ciara McKenna @Ciaramckc Ealaíontóir + Eagarthóir: Áine Ní Chíobháin @Ainenic Láthair: Tigh an tSaorsaigh, Baile an Fheirtéaraigh, http://www.searspub.com/ Toghcháin bhuel a chailín cad é an chraic is fada ó bhíos ag caint leat chonac grianghraf díot ó chianaibh bhís ag féachaint go haoibhinn do gháire geal a chuir i gcuimhne gur trua liom do chás a mhaoineach tá’s agam go bhfuil t’athair, do leasathair, ansan, go hobann, do Dhaddy críonna imithe ar shlí na fírinne tá’s agam gur balacs ceart críochnaithe a toghadh mar uachtarán sa tír agat is tá’s agat go bhfuil n’fheadar éinne an mó balacs eile laistíos ded’ árasán gach lá ag bolathaíl is ag méarnáil d’fhonn do lámh a iarraidh is ar a shon san is uile, theastaigh uaim a rá leat go bhfuil orm brón man....[a bhean] fiú an nóta so bheith á chur chughat (de réir na pobalbhreithe na haon tseans ná leomhfainn) cad ab áil duit mo vóta tar éis na héagórach a dh’fháilt i gceirtlín crumple-áltha de shlipeanna geallghlacadóra seolta trí míle mhíle ó bhaile gan de scéala iontu ach sceits gharbh agus línte doiléite ag púca scríte ar thaobh na contúrtach i gceann eile de phubanna mo phobail dhúchais dá bpléascfadh an Spéirbhean bhéaltais mhodhúil isteach ag lorg uisce, is cuma más í Aoibheall, Clíodhna nú Áine athá gléasta ní gheobhadh d’urraim ná d’fháilte ón gcúinne – ach scata balacsaí ag feadaíl is ag caitheamh drochshúil uirthi... n’fheadar cad atáim ag rá leis seo ná fiú cén treo a bhfuilim ag dul ach tá’s agam rud amháin tar éis an piúnt so a dh’ól ní mian liom bheith im bhalacs níos mó.