У нас вы можете посмотреть бесплатно Emma Ní Fhíoruisce - Amhrán na Scadán или скачать в максимальном доступном качестве, видео которое было загружено на ютуб. Для загрузки выберите вариант из формы ниже:
Если кнопки скачивания не
загрузились
НАЖМИТЕ ЗДЕСЬ или обновите страницу
Если возникают проблемы со скачиванием видео, пожалуйста напишите в поддержку по адресу внизу
страницы.
Спасибо за использование сервиса ClipSaver.ru
***Liricí*** Nuair a théim a luí san oíche, bím ag smaointiú ar an iasc, Nuair a éirím amach ar maidin, bheirim rúid go dtí an bhinn, Bíonn na héanacha ag cur pléisiúir orm ’na suí i mbéal na bpoll ’S an phéist ag an Tor Dhearg ag cur na scadán tharna droim. Bím ag smaointiú ar an eangaigh is ar an bhád a mbíonn sí ann, Bím ag smaointiú ar na rámhaí is a mbuillí ins an toinn, Bím ag smaointiú ar an fhearthainn ’s ar an tréan a bhí sa ghaoith ’S gach uair dár chroch mé an stiúir uirthi ’s an teilm ina cionn. Ach is deas an rud na slanntracha a bheith soilsiú ar ár mbróig, ’S dá bhfuil sa domhan á bplúchadh go minic ná iad a dhíol, Ach caithfimid a ghabháil an canál leo, maith nó olc an t-am San áit a mbeidh lúcháir ar an cheannaí romhainn ’s buidéal dúinn den lionn. Nuair a shuím cois na tineadh, bím ag smaointiú ar an am A raibh mé fhéin ’s mo churach beag amuigh ar bharr na dtonn, ’S gan idir mé is an tsíoraíocht ach an t-éadach tana tarr Ag cosnamh gaoithe is farraige i measc éanacha na dtonn. Ach anois atá mé aosta is mé ag éirí lag breoite tinn, Níl mé ag dúil go brách le biseach a fháil go síntear mé sa chill, Bheirim altú do Dhia na glóire mar chuir mé isteach m’am Ar chreig i lár na farraige i measc éanacha na mbeann.