У нас вы можете посмотреть бесплатно Ó Pheann an Phiarsaigh (Pádraig Mac Piarais) le Noel Ó Gallchóir или скачать в максимальном доступном качестве, видео которое было загружено на ютуб. Для загрузки выберите вариант из формы ниже:
Если кнопки скачивания не
загрузились
НАЖМИТЕ ЗДЕСЬ или обновите страницу
Если возникают проблемы со скачиванием видео, пожалуйста напишите в поддержку по адресу внизу
страницы.
Спасибо за использование сервиса ClipSaver.ru
Sa léiriú pearsanta corraitheach seo ar shaol agus ar shaothar duine de mhórphearsana agus de mhórlaochra na hÉireann, cuirtear bladhm bheochta an athuair faoi shaothar scríofa Phádraig Mhic Phiarais (1879-1916) agus cuirtear seoda an tsaothair sin i láthair go máistriúil. Is léiriú paiseanta macánta neamhbhalbh é seo ar an Phiarsach ina nochtar clúideacha uile a phearsantachta don lucht féachana agus ina ndéantar ceiliúradh agus comóradh air mar fhile bisiúil, mar ghearrscéalaí nuálach, mar dhrámadóir cumhachtach, mar oideachasóir fadradharcach, mar réabhlóidí cróga agus mar fhear mórchroíoch a rinne saothar ollmhór ar son na teanga agus ar son an chultúir, agus a thug a bheatha ar son a thíre. Seoladh ríomhphost: noelogallchoir@hotmail.com Is as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill é Noel Ó Gallchóir. Tá a shaol caite aige ag plé leis an oideachas trí Ghaeilge agus le cur chun cinn na teanga agus an chultúir. Ba mhúinteoir é i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ó 1977 agus bhí sé ina phríomhoide sa scoil ó 1998 go 2015. Tá suim faoi leith aige sa stair, sa scríobh agus sa drámaíocht. Le linn 2014/15 chuir Noel seó aonair eile dar teideal ‘Idir Dhá Cheann na hImní’ os comhair an phobail 25 huaire. Saol agus saothar Sheosaimh Mhic Grianna ab ábhar don dráma sin agus léiríodh é go forleathan ar fud na tíre. Bronnadh Gradam Stewart Parker 2015 ar an dráma agus d’éirigh leis gradam a bhaint amach ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i gCorcaigh chomh maith. • Seosamh Mac Grianna (Idir Dhá Cheann na hI... ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ (From Pearse’s Pen) In this personal and stirring representation of the life and works of one of Ireland’s most famous and revered sons, the best of Pádraig Mac Piarais’ (1879-1916) creative writings are brought back to life and illustrated masterfully. This is a personal and honest depiction of Mac Piarais whereby the deepest recesses of his personality are explored and in which he is celebrated and remembered as a prolific poet, an inventive writer, a powerful dramatist, an astute and innovative educator, a dedicated revolutionary and a compassionate man who worked tirelessly in promoting the language and the culture of his country, and who gave his life in the cause of his nation. Noel Ó Gallchóir is from Gaoth Dobhair in the Donegal Gaeltacht. He has dedicated his life to Irish-language education and to the promotion of the Irish language and its culture. He was a teacher in Pobalscoil Ghaoth Dobhair from 1977 and Principal in the school from 1998 until 2015. He has a keen interest in history, writing and drama. Noel performed a one-man show entitled ‘Idir Dhá Cheann na hImní’ on 25 separate occasions throughout 2014/2015. The play was based on the life and works of Irish-language writer Seosamh Mac Grianna and was staged in many different venues throughout the country. The play was awarded the Stewart Parker Award in 2015 and also received an award at An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta in Cork in the same year. • Seosamh Mac Grianna (Idir Dhá Cheann na hI... https://www.independent.ie/irish-news... https://tuairisc.ie/leirmheas-throw-c... http://www.donegaldaily.com/2016/03/3... https://nos.ie/cultur/ardan/rinne-se-... Léiríodh Ó Pheann an Phiarsaigh 60 uair ar fud na hÉireann in 2016. Ár mbuíochas le hachan duine a chuidigh linn le linn na camchuairte i 2016. Ba mhaith linn buíochas speisialta a ghabháil le Seán Ó Mainnín as an taiféad agus an eagarthóireacht uilig a bhain leis an léiriú seo. Fada buan go raibh a shaothar i measc Ghaeil an tsaoil seo..