У нас вы можете посмотреть бесплатно Ciarán Ó Con Cheanainn - Donncha Bán или скачать в максимальном доступном качестве, видео которое было загружено на ютуб. Для загрузки выберите вариант из формы ниже:
Если кнопки скачивания не
загрузились
НАЖМИТЕ ЗДЕСЬ или обновите страницу
Если возникают проблемы со скачиванием видео, пожалуйста напишите в поддержку по адресу внизу
страницы.
Спасибо за использование сервиса ClipSaver.ru
Lyrics: Is nach ar an mbaile seo is ea chonaic mé an t-iontas, Ar Dhonncha Bán bocht agus é dhá dhaoradh, Bhí caipín bán air in áit a hata, Is róipín cnáibe in áit a charabhata. Is tá spré Dhonncha Bháin á tabhairt abhaile, Is ní ba í ná caoirigh atá ann ná caiple, Ach tobac is píopaí 'gus coinnle geala, Agus ní dhá mhaíomh é ar lucht a gcaite. A Dhonncha Bháin, a dheartháir dhílis, Is nach maith atá a fhios agamsa céard a bhain dhíom thú, Ag ól an chupáin is ag deargadh an phíopa, Is ag siúl na drúchta go mall san oíche. Is a Dhonncha Bháin, níorbh í an chroch ba dhual dhuit, Ach a ghoil ar an turlach is an báire a bhualadh, Na mná bheith ag féachaint ar do chúl bán gruaige, Is tú a thíocht abhaile agam mar mhac duine uasal. 'S dhá mbeadh Donncha Bán ins an áit a chóir dhó, Idir Caisleán a’ Bharraigh 'gus Baile an Róba, Ó bhrisfí an chroch is ghearrfaí an rópa, Is ligfí Donncha Bán bocht abhaile ar an eolas. Is a Mhic Uí Mhaolchróin ná raibh ádh ná séan ort, Ná raibh d’iníon ag iarraidh spré ort, Nár fhaigh do chlann mhac i bhfochair a chéile, Is tú a bhain mo dheartháirín dhom a bhí breá gléigeal. A bhean úd thall a rinne do gháirí, Ó nár raibh tú oíche ach mar atá mé, Do shúile ag silt is do chroí bheith cráite, Is do dhá láimh thimpeall agat ar mhac do mháthar. Lig mé an chéad glaoch ag barr an bhaile, An dara glaoch ba ag tíocht leathbealaigh é, An tríú glaoch ba os cionn do choirpse é, Is bhí Donncha Bán bocht is a ceann á scoitheadh dhe. Tá mé ag tíocht anois ar feadh na hoíche, Mo bhrollach oscailthe is mo cheann liom scaoilte, Pardún mo dheartháir ar mo bhrollach scríofa, Is Donncha Bán bocht ar gclár á chaoineadh. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis