У нас вы можете посмотреть бесплатно Amhrán Mhuínse | Nan Tom Teaimín de Búrca или скачать в максимальном доступном качестве, видео которое было загружено на ютуб. Для загрузки выберите вариант из формы ниже:
Если кнопки скачивания не
загрузились
НАЖМИТЕ ЗДЕСЬ или обновите страницу
Если возникают проблемы со скачиванием видео, пожалуйста напишите в поддержку по адресу внизу
страницы.
Спасибо за использование сервиса ClipSaver.ru
Amhrán Mhuínse 'S dá mbeinn trí léig i bhfarraige nó ar shléibhte i bhfad ó thír Is gan aon neach beo 'mo ghaobhar ach an raithneach glas is fraoch An sneachta á shéideadh anuas orm, is an ghaoth dhá fhuadach díom Ach mé a bheith ag comhrá le mo Taimín Bán, is níorbh fhada liom an oíche. Is a Mhuire dhílis céard a dhéanfas mé tá an Geimhreadh seo a’ tíocht fuar A Mhuire dhílis céard a dhéanfas an teach seo sa bhfuil ann Dá mba thusa fhéin a d’imeodh agus mise fanacht beo Nach gcóireoinn do chuid clainne dhuit d’oíche ‘gus de ló. Is gearraidh amach mo chónra dhom as fíor scoth gheal na gclár Is má tá Seán Ó hEidhin beo i Muínis bíodh sí déanta óna láimh, Bíodh mo chaipín is mo ribín geal orm is iad go ró dheas ar mo cheann, Is tabharfaidh Páidín Mór go Muínis mé nó is garbh a bhéas an lá. Is dá mbeadh mo chlann sa mbaile agam an oíche a bhfaighfainnse bás Nach dtórróidís go fiúntach mé trí oíche ‘gus trí lá. Bheadh píopaí fada cailce acu, na ceaigeannaí is iad lán Is beidh triúr ban óg ó shléibhte a’m le mé a chaoineadh os cionn cláir. 'S ag dul siar le hInse Ghainimh dhúinn, beidh an fharraige ag éirí ard Ná cuirigí i Leitir Caladh mé, mar is ann nach bhfuil mo dhream Ach cuirigí thiar i Muínis mé áit a gcaoinfear mé go hard, Beidh soilse ar na dumhchannaí 's ní bheidh uaigneas orm ann.